Polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála é Shane Peter Nathaniel Ross (a rugadh ar an 11 Iúil, 1949) agus ba bhall neamhspleách é de Sheanad Éireann do thoghcheantair Ollscoil Bhaile Átha Cliath. D'éirigh leis ina rith mar iarrthóir neamhspleách sa toghchán ginearálta 2011, sa dáilcheantar Baile Átha Cliath Theas. Toghadh Ross in Olltoghchán 2016 ar an dara comhaireamh le 10,202 (24.8%) de na vótaí céad rogha, sa Dáilcheantar Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin tar éis aththarraingt na dteorainneacha Dáilcheantair. Bhí sé mar aire sa rialtas idir 2016 agus 2020, ach chaill sé a shuíochán in Olltoghchán 2020.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid